Muintir an Ghleanna

Úrscéal le Caitlín Bheití Ní Chuireáin

Úrscéal ficsean le Caitlín Bheití Ní Chuireáin, suite i nGaeltacht Ghaoth Dobhair sa chéad seo a caite.

Cuireann an t-úrscéal seo síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol aoibhinn ag Bríd ag tús ach tarlaíonn eachtra dhorcha a chuireann cor ina cinniúint agus bíonn an tubaiste sin ina rún diamhair nach féidir léi a scaoileadh. Tarraingíonn an eachtra drochádh ar an teaghlach agus déanann siad a ndícheall éirigh as an drochádh le cuidiú a gcomharsan. Tá an t-úrscéal i gcanúint Thír Chonaill. Tá an leabhar fóirsteanach do dhaoine fásta agus d’fhoghlaimeoirí fásta.

As an Gleann i Mín a’ Chladaigh i nGaoth Dobhair do Chaitlín Bheití Ní Chuireáin. Tá cónaí uirthi anois i gContae an Chláir lena fear céille, Jim. In 2010 foilsíodh an leabhar dírbheathaisnéiseach dár teideal Nuair a bhí mé óg. Cuireann an leabhar síos ar a saol agus ar a tógáil in iarthar Thír Chonaill. Is é Muintir an Ghleanna a céad úrscéal ficsean.

Rannógaí: Daoine Fásta

Close
Go top

Costas poist saor in aisce ar fud oileán na hÉireann. Roghnaigh do chondae ón roghchlár-anuas ag ordú duit. Scoir