An Prionsa Beag

Aistriúchán úr le Eoghan Mac Giolla Bhríde

 

Aistriúchán úr Gaeilge ar an leabhar clasaiceach Le Petit Prince le Antoine de Saint-Exupéry.

Tá an t-úrscéal clasaiceach seo aistrithe go suas le 300 teanga agus canúintí ar fud an domhain. Scéal dodhearmadta é do pháistí agus do dhaoine fásta agus tá sé ar cheann de na leabhair is mó a léitear sa domhan. Is sárleabhar é d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chomh maith.

Bíonn ar phíolóta a theacht anuas i lár ghaineamhlach an tSahára nuair a bhriseann an t-inneall ina eitleán … agus as sin a thig ceann de na scéalta is iontaí a hinsíodh ariamh, faoi mar a chas an píolóta leis an phrionsa bheag. Fáthscéal dodhearmadta é do pháistí agus do dhaoine fásta, agus léaráidí daite ón údar é féin ann. Cuirfidh an scéal seo faoi gheasa sibh.

ISBN: 9780956501660

Rannógaí: Daoine Fásta, Páistí

Close
Go top

Costas poist saor in aisce ar fud oileán na hÉireann. Roghnaigh do chondae ón roghchlár-anuas ag ordú duit. Scoir