Exit

Micí s’againne ar an ghearrliosta do dhuais Chumann Litearthachta na hÉireann

Bhí an leabhar Micí s’againne le Caoimhin Mac a’ Bhaird agus Christopher Ammentorp ainmnithe ar an ghearrliosta do dhuais Chumann Litearthachta na hÉireann do leabhair do pháistí idir 6-9 bliain d’aois. Bhí Caoimhin i láthair ag an bhronnadh Dé hAoine in DCU le duais a thógáil as a bheith ar an ghearrliosta. Trí leabhar a […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Tine Ghealáin, leabhar úr filíochta le Máire Dinny Wren seolta

Sheol an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn an leabhar filíochta Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Bhí ócáid dheas i Svuít Rathcoole sa Citywest Dé Sathairn nuair a sheol Áine Ní Ghlinn an leabhar is deireanaí leis an scríbhneoir as Gaoth Dobhair, Máire Dinny Wren. Thrácht Áine ar […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Mór agus Muilc sna siopaí

Tá Mór ag Muilc, leabhar úr do pháistí, foilsithe ag Éabhlóid agus tá sé ar fáil sna siopaí anois. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag an ealaíontóir Kim Sharkey le léaráidí iontacha a chuireann beocht agus beatha sa scéal. Scéal traidisiúnta é, i bhfoirm an scéil charnaigh, a fuair Dónall Ó Cnáimhsí óna uncail […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Muintir an Ghleanna

Úrscéal nua le Caitlín Bheití Ní Chuireáin foilsithe ag Éabhlóid. Tá an t-úrscéal Muintir an Ghleanna ar fáil sna siopaí anois. Cuireann sé síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol aoibhinn […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Seoladh Gáire in Éag ag Oireachtas na Gaeilge

Sheol an léiritheoir scannán, Ciarán Ó Cofaigh, ón chomhlacht ROSG, an cnuasacht gearrscéalta, Gáire in Éag, le Seán Ó Muireagáin ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Dé Sathairn in Óstán Brehon, líon slua daoine isteach i seomra Park ar an ceathrú urlár go gcluinfeadh siad comhrá neamhfhoirmiúil idir Chiarán agus an t-údar. Mhínigh […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Gáire in Éag

Leabhar úr le Seán Ó Muireagáin ar fáil. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhalbha seo a saoirsíodh as inneoin bhrúidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Ceithre ghearrscéal a thugann léargas […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Oileán na nDraoithe

Tá leabhar úr, Oileán na nDraoithe, leis an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird, foilsithe ag Éabhlóid. Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí gan mhoill. Is scéal é do pháistí, athinsint nua-aimseartha ar scéal mhiotaseolaíochta a chuala Proinsias óna shean-athair. Tá léaráidí déanta ag Caomhán Ó Scolaí. Beidh an leabhar á sheoladh go hoifigiúil ag […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Go mBeinnse Choíche Saor: léirmheas

Go mbeinnse choíche saor Tá 15 gearrscéal nua sa chnuasach seo ón scríbhneoir, Máire Dinny Wren; scéalta atá lán de charachtair inchreidte agus eachtraí suimiúla. Is inspéise gur mná láidre iad na príomh-charachtair go léir; mná a dhéanann a ndícheall na dúshláin atá rompu a shárú in éadan constaicí agus claontaí na sochaí. Is scéalta […]

Léigh tuilleadh Like this post0

“Cáitheadh na dTonn” sna siopaí

Tá eagrán úr den leabhar Cáitheadh na dTonn leis an scríbhneoir Conallach, Muirghein, curtha ar fáil ag Éabhlóid. Tá an leabhar sna siopaí anois. I 1934 a foilsíodh an leabhar den chéad uair agus is é seo an chéad uair a bhfuil an leabhar ar ais i gcló. Sa leagan úr, tá cóiriú déanta ar […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Go mbeinnse choíche saor

Sheol Lillis Ó Laoire an leabhar Go mbeinnse choíche saor le Máire Dinny Wren i dteach Hiúdaí Beag, Dé hAoine 4 Márta. Léigh Máire sliocht as an leabhar agus léigh Suzanne Ní Ghallchóir agus Marina Nic Giolla Bhríde scéalta as an tsaothar. Seo an dara leabhar le Máire Dinny Wren. Tá an leabhar ar fáil […]

Léigh tuilleadh Like this post0

Leabhar úr le Máire Dinny Wren

Go mbeinnse choíche saor. Beidh muid ag seoladh leabhar úr le Máire Dinny Wren gan mhoill, Go mbeinnse choíche saor. An chéad chnuasacht gearrscéalta ó pheann fhileata Mháire. Bí ag faire, beidh muid ag fógairt na sonraí gan mhoill.

Léigh tuilleadh Like this post1

Seoladh leabhair ‘An Prionsa Beag’

Beidh Éabhlóid ag seoladh an leabhar ‘An Prionsa Beag’ ag Oireachtas na Gaeilge 2015. Tá fáilte roimh gach duine a bheith láthair nuair a sheolfaidh an Dr. Antain Mac Lochlainn an t-aistriúchán úr atá déanta ag Eoghan Mac Giolla Bhríde ar an leabhar clasaiceach Le Petit Prince le Antoine de Saint-Exupéry. 5:30 p.m. Seomra Ráth […]

Léigh tuilleadh Like this post0
Close
Go top