Úrscéal nua le Caitlín Bheití Ní Chuireáin foilsithe ag Éabhlóid.

Tá an t-úrscéal Muintir an Ghleanna ar fáil sna siopaí anois.

Cuireann sé síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol aoibhinn ag Bríd ag tús ach tarlaíonn eachtra dhorcha a chuireann cor ina cinniúint agus bíonn an tubaiste ina rún diamhair nach féidir léi a scaoileadh. Tarraingíonn an eachtra drochádh ar an teaghlach agus déanann siad a ndícheall éirigh as an drochádh le cuidiú na gcomharsan. Tá an t-úrscéal i gcanúint Thír Chonaill. Tá an leabhar fóirsteanach do dhaoine fásta agus d’fhoghlaimeoirí fásta.

As an Gleann i Mín a’ Chladaigh i nGaoth Dobhair do Chaitlín Bheití Ní Chuireáin. Tá cónaí uirthi anois i gContae an Chláir lena fear céile, Jim. In 2010 foilsíodh an leabhar dírbheathaisnéiseach d’arbh ainm Nuair a bhí mé óg. Cuireann an leabhar síos ar a saol agus ar a tógáil in iarthar Thír Chonaill. Is é seo a chéad úrscéal ficsean.

Close
Go top